Tá obair an fhómhair thart agus tá an geimhreadh fada romhainn ach tá fuinneog bheag fágtha le ceiliúradh a dhéanamh ar sheanfhéile Cheilteach. Beireann Cleamairí Ard Mhacha óg agus aosta le chéile leis na seantraidisiúin a chaomhnú agus a chomóradh. I mbliana tá an ceiliúradh ag tarlú in Aonach Mhacha agus chaith Molscéal an lá leo sa chultúrlann roimh an fhéile!