Colmcille 1500 Tionscadal Gaeilge

Le comóradh a dhéanamh ar Iomairt Colmcille 1500 tá sé i gceist ag Cleamairí Ard Mhacha, le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus ó Bhòrd na Gàidhlig, tionscnamh ilmheánach a chur ar bun le ceiliúradh  a dhéanamh ar oidhreacht Cholmcille agus le feasacht a ardú faoin oidhreacht sin in in Éireann agus in Alban agus le úsáid na Gaeilge agus Gàidhlig na hAlban a chur chun cinn.

Beidh na spriocanna seo a leanas i gceist leis an tionscadal:

  • Go mbeidh comóradh déanta ar oidhreacht Cholmcille ó réimse leathan ábhar agus go mbeidh tuiscint agus tairbhe bainte ag an phobal as.
  • Go gcuirfidh an coimisiún le heolas faoi Naomh Colmcille agus go neartóidh sé an caidreamh idir chainteoirí Gaeilge ar dhá thaobh Shruth na Maoile.
  • Gréasán a neartú idir áiteanna in Éirinn agus in Albain a bhfuil baint acu le Colmcille nó atá ainmnithe ina dhiaidh.

 

Tá súil leis na torthaí a leanas ón tionscadal:

  • Ag obair i gcomhar leis an Stiúrthóir Cruthaíochta agus leis an Oifigeach Tionscnaimh cuirfear na gnéithe seo a leanas i gcrích; Léiriú ilmheáin ar oidhreacht Cholmcille a chruthú go hiomlán i nGaeilge a rachaidh ar chamchuairt chuig scoileanna agus chug ionaid éagsúla a bhfuil baint acu le Colmcille, nó atá ainmnithe ina dhiaidh.
  • Tacaíocht a thabhairt don Oifigeach Tionscnaimh ag cruthú ábhar margaíochta agus ábhar as Gaeilge.
  • Tacaíocht a thabhairt don Chomhairleoir Oideachais ag cruthú punann áiseanna
  • Comhoibriú leis an fhoireann in Alban ag soláthar na scéime i nGàidhlig na hAlban.
  • Uasdátú rialta a chur ar fáil ar Zoom don stiúrthóir cruthaíochta agus leis an Oifigeach Tionscnaimh.

Riachtanais:

Gaeilge líofa idir labhartha agus scríofa. Taithí i margaíocht ina bhuntáiste go mór.

Am-Líne

Dáta tosaigh Nollaig 2021

Dáta críochnaithe Márta 2022

Deontas

£4900

Le cur isteach

Seoltar CV agus samplaí oibre, más oiriúnach, i nGaeilge agus i mBéarla chuig info@armaghrhymers.com roimh An Aoine 17 Nollaig.

Is fostóir é Cleamairí Ard Mhacha atá tiomanta don chothromaíocht deiseanna agus don éagsúlacht agus don chur chuige ionchuimsitheach.