Gaeilge

Bíonn cuir chun cinn na Gaeilge croí lárnach in achan ghné d’obair Chleamairí Ard Mhacha. Is ábhar bróid dúinn siamsaíocht d’ardchaighdeán agus taithí oideachasúil a sholáthar. Is féidir linn seónna a dhéanamh go hiomlán trí mheán na Gaeilge nó go dátheangach. Spreagann seónna s’againn rannpháirteachas agus tugtar deis do dhaoine a gcuid Gaeilge a úsáid idtimpeallacht spraíúil ina bhfuil tacaíocht le fáil.

Déanann muid an-obair sna Naíonraí, Naíscoileanna, bunscoileanna, meánscoileanna agus fiú san ollscoil. Tacaíonn ár seónna le gach gné den churaclam agus cuirimid ina luí ar dhaltaí an craic a bhaineann leis an Ghaeilge agus nach don tseomra ranga amháin í.